Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga

Posted by: Client
Category: Pleanáil Teanga

                                                                                                                    Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo

Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga

 

Ar mhaith leat a bheith mar pháirt de ghréasán d’Oifigeach Pleanála Teanga Thír Chonaill agus lonnaithe ar oileán?  Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. Is é Comharchumann Árainn Mhór i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór atá freagrach as plean teanga Árainn Mhór a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Is conradh suas go dtí deireadh mí Feabhra 2026 atá a thairiscint.  Beidh an té a cheaptar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheaptar fostaithe ag Comharchumann Árainn Mhór Teo agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aice i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i réimse na pleanála teanga/forbartha pobail nó taithí ábhartha fadtréimhseach i gceann de na réimsí sin • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail, ar obair oifige agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal • Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanra • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn.

Beidh 37 uair an chloig oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarrthóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu. Ag brath ar thaithí an iarrthóra, beidh tuarastal idir €36,450 agus €51,750 ag gabháil leis an phost.  Cuirfear pinsean ar fáil tar éis tréimhe phromhaidh de sé mhí

Tá an plean teanga don LPT ar fáil ar an suíomh idirlín https://www.arranmoreisland.ie/pleanail-teanga-language-planning/.

Seoltar iarratais mar aon le Curriculum Vitae roimh an 20 Nollaig 2024 chuig: An Cathaoirleach, Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

Client
Arranmore Island
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.