Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo
Folúntas: Oifigeach Pleanála Teanga
Ar mhaith leat a bheith mar pháirt de ghréasán d’Oifigeach Pleanála Teanga Thír Chonaill agus lonnaithe ar oileán? Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo. Is é Comharchumann Árainn Mhór i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór atá freagrach as plean teanga Árainn Mhór a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.
Is conradh suas go dtí deireadh mí Feabhra 2026 atá a thairiscint. Beidh an té a cheaptar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheaptar fostaithe ag Comharchumann Árainn Mhór Teo agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aice i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:
Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i réimse na pleanála teanga/forbartha pobail nó taithí ábhartha fadtréimhseach i gceann de na réimsí sin • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail, ar obair oifige agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal • Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanra • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn.
Beidh 37 uair an chloig oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarrthóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu. Ag brath ar thaithí an iarrthóra, beidh tuarastal idir €36,450 agus €51,750 ag gabháil leis an phost. Cuirfear pinsean ar fáil tar éis tréimhe phromhaidh de sé mhí
Tá an plean teanga don LPT ar fáil ar an suíomh idirlín https://www.arranmoreisland.ie/pleanail-teanga-language-planning/.
Seoltar iarratais mar aon le Curriculum Vitae roimh an 20 Nollaig 2024 chuig: An Cathaoirleach, Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall