Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR

Oifigeach Pleanála Teanga

An cainteoir cumasach Gaeilge tú le suim faoi leith oibriú ar feadh tamaill i ngort na Gaeilge le pobal Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall? Tá caighdeán iontach saoil le fáil ar an oileán, oileán a bhfuil seirbhís mhaith farantóireachta ar fáil ann ón tír mór agus nach nglacann an turas fhad leis ach fiche bomaite.

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR. Is é Comharchumann Árainn Mhór i gcomhar le Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór atá freagrach as plean teanga Árainn Mhór a chur i bhfeidhm. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus is féidir cur leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheaptar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheaptar fostaithe ag Comharchumann Árainn Mhór CTR agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aice i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i réimse na pleanála teanga/forbartha pobail nó taithí ábhartha fadtréimhseach i gceann de na réimsí sin • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail, ar obair oifige agus ar phlé le coistí/struchtúir phobail • Taithí ar bhainistiú agus ar chur i gcrích tionscadal • Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanra • Taithí ar bhainistiú foireann oibre • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais.

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn.

Beidh 37 uair an chloig oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth-uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarrthóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu. Ag brath ar thaithí an iarrthóra, beidh tuarastal idir €35,000 agus €50,000 ag gabháil leis an phost.

Tá an plean teanga don LPT ar fáil ar an suíomh idirlín https://www.arranmoreisland.ie/pleanail-teanga-language-planning/.

Seoltar iarratais mar aon le Curriculum Vitae roimh an 17 Deireadh Fómhair 2022 chuig:

An Cathaoirleach, Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. Seoladh ríomhphoist: coamteo@gmail.com

Pleanáil Teanga Árainn Mhór

Cad é atá i gceist le Pleanáil Teanga?

An rud atá sa Phleanáil Teanga ná iarachtaí an dea-chleachtais i leith iompair, buanú agus sealbhú teanga a chur chun cinn. I gcás na pleanála teanga ar Árainn Mhór an rud atá i gceist ná:  

  • Cleachtas teanga a aisiompú
  • Úsáid na Gaeilge sa phobal a mhéadú
  • Líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú
  • An Ghaeilge a bhuanú mar theanga teaghlaigh agus theanga pobail

An Cheanneagraíocht

Ceapadh Comharchumann Oileán Árainn Mhór ina cheanneagraíocht chun an phróiseas pleanála teanga in LPT  Árainn Mhór a stiúradh.

Bunaíodh Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór le hionadaithe deonacha ó ghrúpaí pobail agus ó eagrais an limistéir, chun plean teanga a chur i gceann a chéile.  Tar éis don phlean a bheith faofa ag Roinn na Gaeltachta, tá seacht mbliana ag an phobal sa LPT,  bearta an phlean a chur i bhfeidhm.

Language Planning  Árainn Mhór

What is Language Planning?

Language Planning is an attempt to influence the spoken language of a specific community.  In the case of language planning on Árainn Mhór, the language planning process will promote

  • Reversal of language practice
  • Increased use of Irish in the community
  • Increased numbers of daily speakers of Irish
  • Encourage the use of Irish as the language of households and community

Lead-Organization

Comharchumann Árainn Mhór was appointed  the lead organisation tasked with  overseeing the language planning process  for Árainn Mhór.

Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Árainn Mhór was set up to include representatives from community groups and island organizations.  CSPTAM compiled the language plan for the Language Planning Area of Árainn Mhór.  Following the submission of the plan for approval to Roinn na Gaeltachta, the community has a period of seven years to implement the measures contained within the plan.

D’eagraigh  CSPTAM comórtas deartha lógó do dhaltaí na scoileanna. An aidhm a bhí taobh thiar den chomórtas ná suim na ndaltaí a spreagadh sa phróiseas pleanála teanga.  Ag eascairt as an chomórtas bheadh lógó curtha ar fáil a mbeadh CSPTAM in ann úsáid a bhaint as ar shuíomh gréasáin agus ar stáiseanóireacht an choiste.

Chuir 58 dalta isteach ar ar chomórtas.

Roghnaíodh seisear don ghearrliosta & bronnadh €50 an duine orthu

Fógraíodh an buaiteoir ag ócáid bhronnta san Ionad Pobail le linn Sheachtain na Gaeilge 2017 nuair a bronnadh €150.00  ar an bhuaiteoir.